top of page

An Ghaeilge in Óméith | Irish language in Omeath | Airish in Omeath

The Gaeltacht of Omeath was the longest surviving Gaeltacht area of Southeast Ulster. Described by Professor Heinrich Wagner as ‘undoubtedly the last stronghold of Southeast Ulster Irish’, the Irish dialect of Omeath is one that has long since interested many local Irish language scholars. On Wednesday 12th March, in my role as Oifigeach Forthartha Gaeilge, I visited the Dolmen Centre in Omeath and analysed the dialect as it was spoken at the beginning of the 20th century.


Sub-zero weather conditions and the threat of snow did not dissuade those 60-odd in attendance from making the trip to the Dolmen Centre to learn more about the peculiarities of the dialect of their area. As part of the lecture, a general overview on Irish dialects was given and evidence of their emergence provided, as is apparent in many early sources. The present-day province of Ulster is made up of the 9 counties. Historically however, County Louth is thought to have been geographically and linguistically part of Ulster. The conclusions from my Master’s thesis, which studied Wagner’s phonetic findings in Omeath and provided a dialectal analysis on them, were used to inform those present of the nature of the dialect.


Song and audio recordings were also used throughout the talk, with attendees singing along to the last native song to have been composed in Omeath, Pátrún Óméith, written in 1902 by Néilí Ní Annluain.


To conclude the lecture, a rare audio recording of a conversation between Heinrich Wagner and Anna Uí Annluain, the last native speaker in Omeath, was played and discussed. Permission was granted for the use of this recording by the Dublin Institute of Advanced Studies (DIAS) and it greatly enhanced the experience of those present, whilst transporting them back to mid-20th century Omeath, at that time a much weakened and peripheral Gaeltacht. This lecture was given as part of the Seachtain na Gaeilge celebrations and was kindly sponsored by Conradh na Gaeilge and Seachtain na Gaeilge le Energia. It gave impetus to efforts being made to strengthen Irish language links in a potential cultural tourism triangle of Omeath-Newry-Creggan.


And in Ulster Scots…

The Gaeltacht o’ Omeath wus the las’ Gaeltacht airt o’ sou’aist Ulster. Allooed bae Professor Heinrich Wagner tae bae ‘wi’oot doot the las’ stranghoul o’ sou’aist Ulster Airish’. The Airish dialect o’ Omeath baes an intherest o’ monie locail Airish leid scholars fae langsyne tae noo. In mae roul es Oifigeach Forthartha Gaeilge, A heided tae the Dolman Centre in Omeath oan Wednesday 12th Mairch tae leuk intae the dialect es hit wus uised aa the stairt o’ the las’ century.


Snell coul weather at carriet the threat o’ snaw didnae pit aff the 60 odd fowk attendin’ fae trevelin tae the Dolman Centre tae fin’ mair oot aboot the peculiarities o’ the dialect o’ thair ain hame airt. Es pairt o’ the lecture a general owreview o’ Airish dialects wus gien alang wi’ evidence o’ thair emergence es hit baes shewn in monie early sources. Theday’s province o’ Ulster baes maide ap o’ the nine coonties. Hooiniver langsyne the Coontie Louth baes thocht tae hae bin culturally, an’ in matthers o’ leid, pairt o’ Ulster. The finnins fae mae Maisters’ thesis, at speired intae Wagner’s phonetic finnins in Omeath an’ gied a dialectical analysis oan thaim wur uised tae infoarm thaim attendin’ aboot the nattur o’ the dialect.


Sang an’ audio recordins wur uised forebye throughoot the discoorse wi’ thaim attendin’ singin’ alang tae the las’ native sang iver screevit in Omeath, Pátrún Óméith, screevit in 1902 bae Néilí Ni Annluain.


Tae enn wi’ a rare audio recordin’ o’ Heinrich Wagner ganchin wi’ Anna Uí Annluain the las’ native speaker in Omeath wus pleyed an’ taaked aboot. Permission tae uise thon recordin’ wus gien bae the Dublin Institute o’ Advanced Studies (DIAS) an’ hit maide the experience o’ thaim attendin’ gyely betther forebye tak’in’ thaim beck tae Omeath in the middle o’ the las’ century quhan hit wus a sairly waikened an’ dwamly Gaeltacht. The discourse wus gien es pairt o’ the Seachtain na Gaeilge celebrations an’ wus kinely hefted bae Conradh na Gaeilge an’ Seachtain na Gaeilge le Energia. Hit gied strengtht tae ettlins tae bigg ap Airish leid links in a potential triangle o’ cultural tourism atween Omeath, Newry an’ Creggan.



Óméith


Is sráidbhaile cois farraige é Óméith, a bhfuil sléibhte Chuaille agus Loch Cairlinn ina luí go maorga i bhfoisceacht cúpla míle de. Ba í Gaeilge Óméith an Ghaeilge ab fhaide a mhair den mhórchanúint inar scríobh an Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh agus filí ‘Dheisceart Uladh’. Ar an dea-uair, mhair Gaeilge Óméith, agus leoga Gaeilge oirdheisceart Uladh i gcoitinne, isteach i ré na dtaifeadtaí sa dara leath den 20ú haois. Is é sin le rá go raibh scoláirí in ann a dtiocfadh leo de Ghaeilge Óméith a thaifeadadh; idir thaifeadtaí fuaime agus thaifeadtaí scríofa a bailíodh sa cheantar. Is a bhuí leis an obair seo atá scoláirí an lae inniu, mo dhálta féin, ábalta mionscagadh a dhéanamh ar Ghaeilge Óméith agus is amhlaidh a rinne mé Dé Céadaoin 8ú Márta sa Dolmen Centre in Óméith.


Gaeilge Óméith: Canúint Chaillte


Níor chuir an drochaimsir isteach ná amach ar an slua iontach a bhí i láthair ag an léacht, ‘Gaeilge Óméith: Canúint Chaillte’. Is léir go bhfuil bród ar mhuintir Óméith as a gceantar, as a sinsir agus as a dteanga. Is mé a bhí sásta bheith ina gcuideachta le scagadh a dhéanamh ar chanúint Ghaeilge na dúiche agus ar chuid de na saintréithe a bhain léi. Ar dtús, pléadh cúrsaí canúineolaíochta na Gaeilge i gCúige Uladh agus cá huair a tháinig forás faoi leith chun cinn i gcanúintí uile na Gaeilge. Ba é Donlevy (1742) an chéad duine a rinne tagairt do chanúintí na Gaeilge. Dar leis, ‘not only the several Provinces of Ireland have a different way of pronouncing, but also the very counties, and even some baronies in one and the same County, do differ in pronunciation’. Anuas air sin, rinne mé cur síos ar theorainn shean-Chúige réamhstairiúil Uladh, ceantar a shín ó abhainn na Drobhaise i nDún na nGall soir go habhainn na Bóinne a shroicheann an fharraige ag Droichead Átha, Co. Lú. Glactar leis mar sin, gur foshraith de Ghaeilge Uladh í Gaeilge Óméith, ní nach ionadh. Agus an méid sin curtha díom, dhírigh mé isteach ar Óméith mar cheantar Gaeltachta, agus ar an chanúint Ghaeilge a labhraíodh ann faoi seach.


Pátrún Óméith


Gidh gur Ghaeltacht bheag í Gaeltacht Oirghiall, is ann do chorpas béaloidis atá réasúnta cuimsitheach, a bhuí le hiarrachtaí bhailitheoirí na háite, a bhailigh scéalta, amhráin, paidreacha agus araile ó na cainteoirí dúchais ar eagla go bhfaigheadh an chanúint bás. Duine de na bailitheoirí sin ná an tAth. Lorcán Ó Muireadhaigh. Fear de bhunadh Chairlinn ab ea é an tAthair Ó Muireadhaigh, agus bhí sé ar dhuine de na bailitheoirí ba ghníomhaí in Óméith Mara. Maíonn Ní Uallacháin, ‘Lorcán Ó Muirí was a singer too. His strength was his passion for song and his admiration for the older people in the Gaeltacht of his native Cooley’ (Ní Uallacháin 2003: 16). Cuireann sí in iúl fosta, ‘the amount of songs and poems carried by the older native Irish-speakers there around Omeath…astonished him’. Shaothraigh an Muireadhach leis an cheol, an litríocht agus an stair a chur chun cinn. Rith sé leis go raibh an Ghaeilge ag dul i laige ina cheantar dúchais, agus ‘he set about transcribing what he heard’ (Ní Uallacháin 2003: 17). Chuir sé mar chuspóir roimhe féin a dtiocfadh leis de cheoltaí Óméith a bhreacadh síos, de réir mar ab acmhainn dó, agus tháinig a chéad bhailiúchán, Ceoltaí Óméith, amach sa bhliain 1920. Sa chnuasach seo, bhí Pátrún Óméith. Meastar gurb é Pátrún Óméith an t-amhrán deireanach a tháinig as an cheantar. Neilí Ní Annluain, nó Neilí Pheadar Dhuibh mar ab fhearr aithne uirthi, a chum an t-amhrán. Deirtear nach raibh aon duine inchurtha léi ó thaobh na Gaeilge de, agus dar le Peadar Ó Dubhda go mba dhoiligh í a shárú in Éirinn de bhrí go raibh Gaeilge chomh maorga ar a toil aici.


Seal ag ceol

Agus a ngoradh déanta ag an lucht éisteachta, thug mé orthu an t-amhrán a aithris liom. I ndiaidh domhsa triail a bhaint as (cé nach bhfuil ceol agam), cheol a bhí i láthair an t-amhrán le chéile agus ina dhiaidh sin, d’éist muid le taifeadadh fuaime de Bhrighid Ní Chaslaigh ag rá an amhráin chéanna. Is orainne atá an t-ádh dearg go bhfuil rochtain againn ar a leithéid de thaifeadadh a thugann léargas ar nadúr na canúna dúinn.



Meath na Gaeilge in Óméith

Faoin bhliain 1930, ní raibh ach 40 duine ag cur fúthu in Óméith a raibh Gaeilge acu

agus bhí an chuid ba mhó de na cainteoirí Gaeilge sin ina gcónaí sna cnoic agus sléibhte timpeall an tsráidbhaile féin. D’ainneoin lonnaitheoirí na gcnoc seo, a raibh ‘an chaint chomh líofa acu le daoine i nGaeltacht Thír Chonaill’ (Piatt 1970: 10), bhí an teanga in áit na leathphingine agus ar tí dul in éag. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh a leithéid de thuairim ag an Bhéal Feirsteach Seán Mac Maoláin, agus é ar cuairt in Óméith ag tús an 20ú haois; ‘ba é mo mheas go mba mhór a stadfaí de labhairt na Gaeilge in Óméith chomh luath agus bheadh an seandream faoi fhód na cille. An mhuintir mheánaosta – nach raibh acu ach slathairt de Ghaeilge – ní labharfadh siad ach an Béarla’. Cé nach n-aontódh le Mac Maoláin? D’imigh an cainteoir dúchais deireanach, Anna Uí Annluain, ar shlí na fírinne sa bhliain 1969, agus léi a d’imigh an Ghaeilge fosta.


Heinrich Wagner in Óméith


Bíodh is go ndearna mé trácht ar an Ollamh Heinrich Wagner cheana in alt liom ar an nuachtán seo tamall ó shin, nár neamartas an mhaise dom gan é a lua arís agus Gaeilge Óméith á plé agam. Agus é amuigh sa ghort i mbun oibre don Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, chuir sé ceistneoir i dtoll a chéile a raibh breis agus 2,000 ceist ann. Chuir sé in iúl in LASID I gur úsáideadh ceistneoir ní ba ghairide in áiteanna áirithe sa tír ina raibh tuairim is 900 ceist; rud a rinneadh in Óméith, is léir, áit nár cuireadh ach 1173 ceist ar an fhaisnéiseoir. B’iomaí cúis leis an ghiorrú seo. Ní raibh sé ar a gcumas ag faisnéiseoirí áirithe na ceisteanna a fhreagairt, nó tháinig meirg ar a gcuid Gaeilge, agus is cinnte nach raibh mol mór acu i mbarr a sláinte ag an am, de bharr seanaoise.

Go deimhin, tá rud inteacht sainiúil faoi chur chuige Wagner in Óméith, nó thaifead sé ábhar fuaime ansin ó Anna Uí Annluain. Bhí teacht agam ar an taifeadadh seo, agus ní mór dom buíochas a ghabháil le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a thug cead dom go fial é a úsáid agus mé i mbun taighde. Ní léir dom go ndearna Wagner amhlaidh in áit ar bith eile sa tír. Sular thug an lucht éisteachta an bóthar orthu féin, bhí an t-áiméar acu éisteacht le píosa den taifeadadh tearc seo. Is beag duine a bhfuil rochtain acu ar an taifeadadh seo agus ba léir dom go raibh suim nach beag ag achan duine ann. Chuir sé seo deireadh speisialta leis an oíche agus creidim gur bhain an lucht éisteachta idir thaitneamh agus thairbhe as.


Some interesting words and phrases from Omeath Irish

Seo thíos roinnt focal suimiúil a bhí in úsáid in Óméith, bunaithe ar an amhábhar foghraíochta sa LASID.

Tá muinn ~ Tá muid

Char ith mé ~ Níor ith mé

Toigh/Tigh ~ Teach

Fuaidh muinn ~ Chuaigh muid

Fuala muinn ~ Chuala muid

Frithir ~ Nimhneach

Siocaiste ~ Sioctha

Gearrán ~ Capall

Cleachtaiste le ~ Cleachta le

Áitidh ~ Áit

Meán lae ~ Lón

Ag téanamh ~ Ag déanamh

Cladaigh ~ Salach

Monaiste ~ Muinchille

Go fláflach ~ Go flúirseach

Raisin ~ Suipéar

Aon dadadh ~ Rud ar bith

Rud inteacht ~ Rud éigin

Dreathár ~ Deartháir

Déideadh ~ Tinneas fiacaile

I bhfogas ~ Beagnach

Na stéaraí ~ An staighre

Lochramán ~ Lucharachán (síog)

Go seadh ~ Go fóill

Go haiciorra ~ Gan mhoill

Cómhghar ~ Cónra

Garsún ~ Gasúr

Albanach ~ Protastúnach

Tá sé amadaigh fuar ~ Tá sé iontach fuar

Clabóg ~ Spitheog

Bronnach ~ Te

Nas fearr ~ Níos fearr

Mí na Féil’ Eoin ~ Mí an Mheithimh

Mí na gCos Buí ~ Mí Iúil

Coineascar ~ Tráthnóna

Gan ~ Gach (aon)

Péataidhe ~ B’fhéidir

Tá mé go galánta ~ Tá mé go maith/breá

Tá mé cosúil ~ Tá mé go measartha

Cúthailte ~ Faiteach

Tá faididheacht orm ~ Tá uaigneas orm

Muirighean ~ Teaghlach

Seadh! ~ Sea!







Comments


bottom of page